Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.
Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar. San úrsceal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg.
Úrscéal fantaisíochta móréilimh, agus an chéad imleabhar sa tsraith eipiceach ‘A Song of Ice and Fire’ leis an úrscéalaí iomráiteach Meiriceánach George R. R. Martin. Tá an tsraith aistrithe go hiliomad teangacha agus tá leagan scannánaithe ag HBO á chraoladh ar an teilifís go hidirnáisiúnta. I mBéarla, in 1996 a foilsíodh ar dtús é, faoin teideal A Game of Thrones.
Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Seo é scéal Chú Chulainn, agus mar a sheas sé an fód, lena charbadóir Lao, in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann a déantar cur síos ar a óige, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, ar a chomhrac le Feardia, agus ar an iomaíócht idir Ailill is Méabh faoi tharbh na nUltach, an Donn Cuailnge. Is san 11ú hAois a scríobhadh Táin Bó Cuailnge, agus is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.